Tá tomhaltóirí i dteideal fógra a thabhairt do Bormet bvba go ndiúltaíonn siad do tháirge a cheannach, gan fíneáil a bheith le híoc acu agus gan a gcúiseanna a thabhairt, má dhéanann siad é sin laistigh de 14 lá ón lá i ndiaidh an dáta ar ar seachadadh an táirge.

Sonraí teagmhála na Cuideachta
Bormet bvba
Ambachtsstraat 1137, 3850 Nieuwerkerken
BE0414651838
info@bambormet.be
Teil: -32 11 31 26 56
Facs: -32 11 31 65 66

Airteagal 1: Forálacha ginearálta

I ríomhshiopa Bormet bvba, lena n-oifig chláraithe ag Ambachtsstraat 1137, 3850 Nieuwerkerken (an Bheilg), VAT BE0414651838, (ar a dtabharfar ‘Bormet bvba’ ó seo feasta) tairgtear an deis do chustaiméirí táirgí a cheannach ar líne.
Baineann na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta ratha (“Coinníollacha”) le gach earra ó raon Bormet bvba agus gach ceannach a dhéanann an custaiméir ó Bormet bvba.

Glacann an custaiméir leis gurb iad na Coinníollacha sin na coinníollacha amháin a bheidh i bhfeidhm, d’eisiamh a gcoinníollacha ceannaigh ginearálta nó sainiúla féin, fiú na cinn ina n-ordaítear go bhfuil feidhm eisiach leo.

Airteagal 2: Praghas

Áirítear ar na praghsanna luaite uile CBL na Beilge agus cánacha ar bith eile atá éigeantach don chliaint. Má ghearrtar costais iompair, áirithinte nó riaracháin, sonrófar ar leith iad.
Baineann an ráiteas praghsanna go heisiach leis na hearraí faoi mar atá siad mínithe focal ar fhocal. Is chun críche maisithe atá an grianghraf atá leo agus d’fhéadfadh gnéithe a bheith iontu nach bhfuil cuimsithe sa phraghas.

Airteagal 3: Tairiscint

Is do chliaint a bhfuil cónaí orthu laistigh den Aontas Eorpach amháin atá na tairiscintí ar fáil. Tá na hearraí beartaithe go heisiach le haghaidh gnáthúsáid phríobháideach.
In ainneoin gur cuireadh an chatalóg agus an suíomh gréasáin le chéile leis an aire is mó agus is féidir, d’fhéadfadh faisnéis a bheith iontu atá neamhiomlán, an-mhícheart nó as dáta.
Má tá ceisteanna sainiúla ar bith agat, mar shampla, faoi mhéideanna, dathanna, infhaighteacht, tréimhse seachadta nó modh seachadta, déan teagmháil le do thoil lenár seirbhís do chustaiméirí roimh ré (féach alt 12)

Maidir le cruinneas, tráthúlacht, nó iomláine na faisnéise atá curtha ar fáil, níl Bormet bvba ach faoi cheangal oibleagáide feidhmiú chomh maith agus is féidir leo. Ní bheidh Bormet bvba i gcás ar bith faoi dhliteanas earráidí ar bith a bhaineann leis an ábhar, earráidí cló nó priontála.

Beidh an tairiscint seo i bhfeidhm fad is a mhairfidh na stoic agus féadfaidh Bormet bvba iad a oiriúnú nó a aistarraingt ag tráth ar bith.

Tá Bormet bvba i dteideal orduithe a dhiúltú, tréimhsí seachadta a athrú, seachadtaí a dheighilt nó coinníollacha difriúla a cheangal don seachadadh, agus é seo ar fad a dhéanamh gan cúiseanna a thabhairt.

Airteagal 4: Ceannach ar líne

Féadfaidh cliaint earraí a cheannach ó raon Bormet bvba ar líne.

Tiocfaidh an ceannach i bhfeidhm nuair a gheobhaidh an cliant ríomhphost dearbhaithe ó Bormet bvba. Seachadfar na hearraí chuig teach an chliaint ar an dáta seachadta a bheidh sonraithe sa ríomhphost dearbhaithe.

Is féidir le cliaint roghnú as na modhanna íocaíochta seo a leanas:

- cárta creidmheasa
- cárta dochair
- aistriú bainc.

Airteagal 5: Forchoimeád úinéireachta

Beidh an t-earra a sheachadfar fós ina mhaoin eisiach de chuid Bormet bvba go dtí go n-íocfaidh an cliant as.
Déanfar an baol caillteanais nó damáiste a aistriú chuig an gcliant ag tráth an tseachadta. Más gá geallfaidh an cliant tríú páirtithe a thiocfadh chun earraí ar bith nár íocadh go hiomlán astu a ghabháil a chur ar an eolas faoi fhorchoimeád úinéireachta Bormet bvba.

Airteagal 6: Pionóis maidir le neamh-íocaíocht

Gan dochar d’fheidhmiú ceart ar bith a fhabhródh chuig Bormet bvba i gcás neamh-íocaíochta nó íocaíocht dhéanaí, beidh ús 10% in aghaidh na bliana dlite ar an gcliant ar an méid nár íocadh ó dháta na mainneachtana trí fheidhmiú dlí agus gan éileamh ar bith a dhéanamh. Beidh cúiteamh 10% den mhéid lena mbaineann dlite ar an gcliant agus huasmhéid €25 in aghaidh an tsonraisc trí fheidhmiú dlí agus gan éileamh ar bith a dhéanamh.
Gan dochar don mhéid thuas, coimeádann Bormet bvba an ceart na hearraí nár íocadh astú go hiomlán a athshealbhú.

Airteagal 7: Gearáin

Ní mór damáiste agus/nó lochtanna cáilíochtúla infheicthe ar bith in earra nó easnaimh ar bith eile sa seachadadh a thuairisciú láithreach faoi phian éag gach ceart.

Airteagal 8: Barántas

Tá 1 bhliain bharántais ag na hearraí seachadta i gcoinne earráidí ábhair agus déantúsaíochta. Is éard atá i gceist leis an mbarántas seo an earráid a athsholáthar nó a dheisiú saor in aisce. Tá na costais saothair ráthaithe ar feadh 1 bhliain. Níl costais athlonnaithe ráthaithe ach ar feadh 1 bhliain amháin má suiteáladh an t-earra le seirbhísí s’againne agus tá siad teoranta go dtí ga 100km ónar n-áitreabh gnó.

a. Ráthaíocht reachtúil (do thomhaltóirí amháin)
De réir an Achta an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le cosaint tomhaltóirí agus earraí á ndíol, tá cearta dlíthiúla ag tomhaltóirí.
Tá gach earra faoi réir na ráthaíochta dlíthiúla seo ó dháta an cheannaigh ag (nó an seachadadh chuig) an gcéad úinéir.
Leis na ráthaíochtaí tráchtála uile tá na cearta sin slán.

b. Ginearálta
Chun an ráthaíocht a ghairm, ní mór don chliant cruthúnas ar cheannach a chur isteach.

Má ceannaíodh earra ar líne agus má seachadadh é chuig baile an chliaint, ní mór don chliant teagmháil a dhéanamh le seirbhísí Bormet bvba do chustaiméirí agus an t-earra a chur ar ais ansin chuig Bormet bvba ar a gcostas féin.

Ní mór do thomhaltóirí gach locht a thuairisciú laistigh de 2 mhí ó dearbhaíodh iad. I ndiaidh na tréimhse seo, éagfaidh gach ceart ar dheisiú nó athsholáthar.

Ní bheidh feidhm ag an mbarántas (tráchtála agus/nó reachtúil) maidir le lochtanna ar bith a tharlódh mar thoradh ar thimpistí, neamart, úsáid neamhghnách nó mhícheart, úsáid an earra i sárú ar an gcuspóir dá raibh sé deartha, mainneachtain cloí le treoracha nó lámhleabhar an úsáideora, coigeartuithe nó athruithe ar an earra, láimhseáil gharbh, droch-chothabháil nó úsáid neamhghnách nó mhícheart.

Ní feidhm aige maidir le hearraí ag a bhfuil saolré níos gairide nó míreanna atá faoi réir caithimh agus cuimilte.
Ní mheasfar lochtanna a léireofar i ndiaidh tréimhse sé mhí i ndiaidh dháta an cheannaigh nó an tseachadta mar lochtanna folaithe murar féidir leis an gCliant fianaise dá mhalairt sin a chur ar fáil.

Ní féidir an barántas a aistriú.

Airteagal 9: Ceart chun aistarraingthe

Níl feidhm ag forálacha an ailt seo ach maidir le cliaint a cheannaíonn earraí ar líne mar thomhaltóirí:
Tá tomhaltóirí i dteideal fógra a thabhairt do Bormet bvba go ndiúltaíonn siad do tháirge a cheannach, gan fíneáil a bheith le híoc acu agus gan a gcúiseanna a thabhairt, má dhéanann siad é sin laistigh de 14 lá ón lá i ndiaidh an dáta ar ar seachadadh an táirge.
Ní mór do chliaint ar mian leo leas a bhaint as ceart chun aistarraingthe sheirbhís custaiméirí Bormet bvba  laistigh de 14 lá ón seachadadh agus na hearraí a chur ar ais laistigh de 20 lá óna seachadadh ar a gcostas féin chuig Bormet bvba, Ambachtsstraat 1137, 3850 Nieuwerkerken.
Ní mór earraí a ngabhann praghas díola EUR 100 nó níos mó leo a chur ar ais chugainn le cúiréir (DHL, FedEx, etc.).
Ní féidir ach míreanna ina bpacáistiú bunaidh agus gan damáiste mar aon leis na hoiriúintí ar fad, treoracha an úsáideora agus sonrasc nó cruthúnas ar cheannach a chur ar ais.

Ní ghlacfar leis na hearraí ar ais seo a leanas i gcás ar bith:
- earraí úsáidte, salacha, damáistithe nó neamhiomlána
- earraí ar osclaíodh a bpacáistiú nó cuid de
- earraí a saincheapadh don chliaint
- earraí nach féidir a chur ar ais i ngeall ar a dtréithe sainiúla.

Airteagal 10: Príobháideachas

Geallann Bormet bvba nach n-úsáidfidh siad do chuid sonraí ach amháin leis an gconradh a ndeachaigh tú isteach ann nuair a rinne tú d’ordú a chomhlíonadh agus le faisnéis a chur chugat faoi Bormet bvba saor in aisce. Más mian leat faisnéis a fháil le ríomhphost chomh maith, tabhairt dúinn do sheoladh ríomhphoist le do thoil.

Caithimid le do shonraí pearsanta mar fhaisnéis rúnda agus ní chuirfimid ar aghaidh iad, ní thabharfaimid ar cíos iad nó ní dhíolaimid le tríú páirtithe iad choíche.  Tá tú i dteideal i gcónaí d’fhaisnéis phearsanta atá sábháilte againn inár liosta cliant a iarraidh, a fheabhsú, a athrú nó a scrios agus is féidir leat diúltú do chead a thabhairt do Bormet bvba do shonraí pearsanta a úsáid chun faisnéis a chur chugat. Déan d’iarratas i scríbhinn chuig an seoladh thíos go díreach: Ambachtsstraat 1137, 3850 Nieuwerkerken.

Tá cliaint freagrach as a sonraí logála isteach agus a bpasfhocal a choinneáil faoi rún. Toisc go bhfuil do phasfhocal inchódaithe nuair a shábhálann tú é, níl rochtain ag Bormet bvba air.
Tá dianmheas ag Bormet bvba ar Acht na Beilge an 8 Nollaig 1992 maidir le cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta á bpróiseáil. Tá rochtain agat ar na sonraí uile atá ar fáil fút trí do phróifíl úsáideora agus is féidir leat féachaint ar an bhfaisnéis sin, í a athrú nó í a scrios.
Baineann Bormet bvba úsáid as fianáin. Is teicneolaíocht chaighdeánach idirlín iad fianáin trína bhfuiltear ábalta faisnéis shainiúil ar chóras an úsáideora a shábháil agus a dhíghlasáil. Ní féidir fianáin a úsáid chun daoine a aithint; ní féidir le fianáin rud ar bith a aithint seachas meaisín. Is féidir le húsáideoirí idirlín ar bith a socruithe ríomhaire a athrú chun cosc a chur ar a ríomhaire ó fhianáin a ghlacadh. Mar sin féin, mura ghlacann do ríomhaire fianáin, d’fhéadfá fadhbanna a bheith agat nuair a bheidh d’ordú á dhéanamh agat. Má tharlaíonn sin, déan teagmháil le do thoil linn ionas go mbeimid ábalta d’ordú a iontráil fós.
Coinníonn Bormet bvba staitisticí cuairteoirí ar líne (gan ainm) le féachaint cé chomh minic a thugtar cuairt ar ár suíomh gréasáin. Má tá ceisteanna ar bith agat faoin ráiteas príobháideachais seo, déan teagmháil le do thoil linn ag info@bambormet.be.

Airteagal 11: Lagú na bailíochta - neamhscaradh

Má fhógraítear go bhfuil foráil ar bith de na Coinníollacha seo, beag beag ar cé acu ceann díobh, neamhbhailí, neamhdhleathach nó ar neamhní go hiomlán, ní lagóidh sé sin bailíocht, dlíthiúlacht agus infheidhmeacht na bhforálacha eile ar dhóigh ar bith.

Má theipeann ar Bormet bvba ceann ar bith de na cearta atá leagtha amach sna Coinníollacha sin a fhorfheidhmiú nó ceart dá leithéid a fheidhmiú, ní mheasfar é sin mar scaradh ó fhoráil agus ní lagóidh sé bailíocht na gceart sin choíche.

Airteagal 12: Seirbhísí Custaiméirí Bormet bvba

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Custaiméirí Bormet bvba trí scairt a chur ar an uimhir theileafóin +32 11 31 26 56, ríomhphost a sheoladh chuig info@bambormet.be nó trí scríobh chuig an seoladh seo  a leanas: Ambachtsstraat 1137, 3850 Nieuwerkerken

Airteagal 13: Athruithe ar na coinníollacha

Tá na Coinníollacha seo comhlánaithe ag coinníollacha eile dá dtagraítear go sainráite agus ag téarmaí agus coinníollacha ginearálta um dhíola Bormet bvba. Má thagann siad salach lena chéile, beidh na Coinníollacha reatha i réim.

Tá Bormet bvba i dteideal na Coinníollacha sin a athrú i gcónaí gan fógra breise ar bith. Tugtar le fios le gach ceannach i ndiaidh athraithe dá leithéid go nglacann an cliant leis na Coinníollacha úra sin.

Airteagal 14: Cruthúnas

Glacann an cliant leis go bhféadfadh cumarsáid leictreonach agus cóipeanna cúltaca feidhmiú mar chruthúnas.

Airteagal 15: An dlí is infheidhme, cúirt inniúil

Beidh dlí na Beilge i bhfeidhm, cé is moite d’fhorálacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh maidir leis an dlí is infheidhme agus rialachán Róimh-1 maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta ceannaigh a bhaineann le hearraí inaistrithe. Tá gach díospóid faoi réir dhlínse eisiach na Cúirte Dúiche in Hasselt.